Tá an-áthas ar Ardán agus ar Chathair Scannán na Gaillimhe a fhógairt go bhfuiltear ag glacadh le hiarratais anois do Sparánacht Gearrscannán Faisnéise Ceantar Scannán 2026, an scéim bhliantúil maoinithe agus meantóireachta faisnéise do dhéantóirí scannán i gCathair agus i gContae na Gaillimhe.

Táimid ag lorg scannánóirí atá ag teacht chun cinn agus molaimid dóibh iarratas a dhéanamh ar an sparánacht seo a chabhróidh leo céim chun cinn a ghlacadh agus iad i dtús a ngairme sa scannánaíocht.

Tabharfar sparánacht €3,000 do na hiarratasóirí a n-éireoidh leo chun cabhrú leo clár faisnéise gairid a dhéanamh a bheidh idir cúig nóiméad agus cúig nóiméad déag ar fad.

Chuaigh na daoine ar bronnadh an sparánacht seo orthu roimhe seo ar aghaidh chun a gcuid scannán a thaispeáint ag Fleadh Scannán na Gaillimhe, agus ag féilte scannán áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiáúnta eile.

Déanfaidh an scannánóir faisnéise as Gaillimh, Donal Haughey as Hawkeye Films, meantóireacht ar na scannánóirí a roghnófar.

Tá 30+ clár faisnéise léirithe agus/nó stiúrtha ag Donal Haughey dá chomhlacht féin, Hawkeye Films agus mar shaoroibrí. Bhí baint ag a chuid tionscadal le scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta araon, agus cláracha faisnéise fad scannáin, cláracha uair an chloig, cláracha leathuair an chloig agus cláracha gearra ina measc. Ba é Donal an teagascóir cláracha faisnéise ar chúrsa Scannán & Cláracha Faisnéise Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo (OTA) – céim onóracha, Leibhéal 8.

Tá Donal ag obair faoi láthair ar chlár faisnéise faoi Tom Kenny agus faoina cholún ‘Old Galway’, a fhoilsítear go seachtainiúil in The Advertiser. Tá Donal ag obair ar “The Grotto” arís freisin, clár faisnéise gairid a rinne sé in 2025. Tá sé i mbun taighde/forbartha ar réamhfhógrán freisin, do “The Lady in the Castle” atá bunaithe ar Chaisleán Órán Mór. Tá maoiniú forbartha faighte ag an gcomhlacht ó TG4 freisin don chlár faisnéise, “Bás in Éirinn”.

Read about previous participant – Dina Sragalj’s experience in 2023.

Read about Hazel McGuire and Jenny Roche’s experience here.

#CeantarScannán #GalwayCityofFilm

Lá Eolais

Beidh Lá Eolais á reáchtáil ag Ardán d’iarratasóirí i mí Aibreáin chun iad a threorú maidir leis an bpróiseas iarratais.

Beidh sé seo ar siúl Déardaoin an 30 Aibreán ag 2:00pm sa Seomra Oiliúna san Fhoirgneamh nua CREW ag Ionad na nEalaíon Cruthaitheach agus na Meán (CCAM), OTA, Bóthar Pháirc an Tobair. H91 8K85.

Please note – info session attendance is not compulsory but recommended.

Registration is free, but required – go to Eventbrite here. 

Treoirlínte maidir le hIarratais:       

  • Tá an sparánacht seo dírithe ar scannánóirí ar leibhéal iontrála agus iad ag iarraidh na chéad chéimeanna a ghlacadh ina ngairm sa scannánaíocht.
  • As an mbeirt iarratasóirí a n-éireoidh leo, caithfidh duine den bheirt a bheith as Contae na Gaillimhe, a bheith lonnaithe ann, nó scannán a dhéanamh faoin gcontae, agus caithfidh an duine eile a bheith as Cathair na Gaillimhe, a bheith lonnaithe inti nó scannán a dhéanamh fúithi.
  • Beidh na gearrscannáin a mholfar idir 5 agus 15 nóiméad ar fad.
  •  Tá sparánacht suas le €3,000 in aghaidh an scannáin ar fáil.
  • Déanfaidh an scannánóir faisnéise seanbhunaithe Donal Haughey, a bhfuil tacaíocht tugtha aige do thionscadail trí Bhéarla agus trí Ghaeilge, meantóireacht ar na scannánóirí rannpháirteacha.
  • Fáiltíonn Ardán roimh iarratais ar thionscadail Bhéarla agus ar thionscadail Ghaeilge araon. Tabhair do d’aire gur chóir an fhoirm iarratais agus an próiseas agallaimh a dhéanamh trí Bhéarla.
  • Ní mór d’fhoirne scannán a bheith réidh chun an obair léirithe a thosú laistigh de 2 sheachtain / 3 seachtaine tar éis dóibh an comhaontú a shíniú, agus a gcéad leagan a chur isteach faoi Dheireadh Fómhair 2026.
  • Beidh ar na tionscadail roghnaithe cothromaíocht mhaith inscne a chinntiú ar fud na foirne scannánaíochta.
  • Tabharfar tosaíocht d’iarratasóirí ó chúlraí éagsúla. Má bhaineann sé seo leat, cuir ráiteas gairid maidir le do chúlra san áireamh i d’iarratas, le do thoil.
  • NÍ GHLACFAR le hiarratas ó iarratasóir ar bith a bheidh ina mhac léinn lánaimseartha nó páirtaimseartha le linn na bliana acadúla 2026/2027.

 

Conas iarratas a dhéanamh

Filmmakers submit their application via the Teams form here. 

Beidh an fhaisnéis seo a leanas á lorg i ngach iarratas:

  • Imlíne 1 leathanach maidir leis an smaoineamh don chlár faisnéise, lena n-áirítear gearr-achoimre, achoimre agus cóiriú. (PDF)
  • CV reatha 1 leathanach do gach scannánóir a bhfuil iarratas á chur isteach acu. (PDF)
  • Naisc ábhartha ar bith chuig saothar a rinne an t-iarratasóir roimhe seo, más infheidhme nó má tá an saothar ar fáil. (VIMEO/YouTube/Suíomh Gréasáin)
  • Ríomhphost/litreacha gealltanais ó phríomhrannpháirtithe. (PDF)

If you have any queries on Ardán’s privacy policy you can read it here.

 

Is é an SPRIOCDHÁTA d’iarratais ná Dé Luain, an 11 Bealtaine, ag 2pm GMT

Tabharfar cuireadh chun agallaimh d’iarratasóirí ar an ngearrliosta. Beidh na hagallaimh ar siúl ag deireadh mhí na Bealtaine. Cuimhnigh air seo agus iarratas á dhéanamh agat (tabhair do d’aire: deimhneofar dátaí an agallaimh níos gaire don am.)

Chun tuilleadh eolais a fháil ar sparánacht na bliana seo seol ríomhphost chuig: julie@ardan.ie

 

Is mar thoradh ar thacaíocht ó Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ó Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Fís Éireann/Scáileán Éireann agus ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt gur féidir linn an sparánacht seo a chur ar fáil.